An Clár Críochnú Scoile (CCS) Tuaiscirt agus Iarthair Chonamara: Oibrí Tionscadail

TESS & An Clár Críochnú Scoile logos

An Clár Críochnú Scoile (CCS)
Tuaiscirt agus Iarthair Chonamara

Tá an Clár Críochnú Scoile Tuaiscirt agus Iarthair Chonamara ag fógairt na poist seo a leanas a d’fhéadfadh theacht chun cinn, agus fáiltíonn siad roimh iarratais ar cheann nó ar ghach phost atá ainmní, ach iarratais aonarach a líonadh do gach ceann:

Post 1: Oibrí Tionscadail CCS Lánaimseartha
 (35 uair sa tseachtain)

Post 2 (A): Oibrí Tionscadail CCS Páirtaimseartha 
(21 uair sa tseachtain)
Post 2 (B): Oibrí Tionscadail CCS Páirtaimseartha
(16 uair sa tseachtain)

Tá an Clár Críochnú Scoile dírithe ar thionchar dearfach suntasach a bheith aige ar thinrimh, rannpháirtíocht agus leibhéil choinneála go hArdteiste na daltaí atá ag freastail ar Scoil Phobail, An Chlochán agus Scoil Phobail Mhic Dara, Carna. Tá an t-ádh linn a bheith ag obair le grupaí iontach daltaí sa dá scoil, agus bheadh an deis sin agatsa chomh maith má éiríonn leat.

Bheadh ar an Oibrí Tionscadail cláracha a fhorbairt agus tacaíochtaí a soláthar ar bhun aonarach nó i ngrupaí do na daoine óga atá faoinár gcúram, agus bheadh siad ag oibriú faoi threoir agus mhaoirseacht laethiúil an Chomhordaitheoir Áitiúil chomh maith leis an gCoiste Bainistíochta Áitiúla.

Tá sé inmhianaithe go mbeidís seo a leanas ag an té a cheapfar:

  • Cáilíocht san oideachas, in obair óige/pobal, siceolaíocht, eolaíocht shóisialta/cúram shóisialta nó i ndisciplín atá gaolmhar leo/ nó taithí dá mhacasamhail.
  • Taithí phraiticiúil ag obair le daoine óga, i ngrúpaí agus/nó go h-aonarach.
  • Taithí ar chláracha ábhartha a dhearadh, a éascú agus a mheas atá dírithe ar dhaoine óga, m.sh. céardaíocht agus ealaíne, spóirt, gníomhaíochtaí shóisialta agus cultúrtha, srl.
  • Tuiscint ar na míbhuntáistí shóisialta agus oideachasúil agus ar riachtanais na ndaoine sin atá i mbaol an scoil a fhágáil luath.
  • Sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, chomh maith le bheith ábalta oibriú as a stuaim féin agus mar pháirt d’fhoireann.
  • Toilteanas dul i mbun breis oiliúna agus forbairt ghairmiúil leanúnach, chomh maith leis na cláracha sin a éascú nuair atá an oiliúint sin comhlíonta.
  • Gaeilge oilte inmhianaithe
  • Ceadúnas iomlán tiomána glan agus á gcarr fhéin.

Beidh an scála pá ar chóimhéid le taithí agus cáilíochtaí agus beidh sé bunaithe ar Scála Tuarastail Oibrí Óige atá leagtha síos ag an mBord um Seirbhísí Óige do Chathair Bhaile Átha Cliath (CDYSB) (€37,385 - €55,340 pro rata) mar atá ordaithe ag an Roinn Oideachais. Beidh an post bunaithe ar na huaireanta thuasluaite agus ráta íocaíocht pro rata i bhfeidhm le haghaidh aon uaireanta páirtaimseartha atá i gceist.

Is post é seo bunaithe ar 52 seachtain sa bhliain le saoire bhliantiúil de 26 lá, gan laethanta phribhléide ná phoiblí san áireamh. Beidh solúbthacht riachtanach ó thaobh uaireanta oibre de.

Tá foirm iarratais ceangailte leis an bhfógra seo, agus é ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Glactar le hiarratais i nGaeilge nó i mBéarla.Is féidir iarratais a dhéanadh ar cheann amháin de na poist atá fógraithe nó gach ceann, ach foirm iarratais a líonadh de gach cheann ina aonair. Ní ghlactar le foirm iarratais amháin don trí phost.

Seol litir iarratais agus an foirm iarratais comhlíonta atá céangailte chuig:

sharon.nicheannabhain@scp.ie

An Clár Críochnú Scoile Tuaiscirt agus Iarthair Chonamara,
f/ch Scoil Phobail Mhic Dara,
Carna, Conamara,
Co na Gaillimhe
H91DH50

Dáta deireadh do iarratais Friday 2.05.2025 ag 12in
Ní ghlacfar le Curriculam Vitae mar iarratais ar an bpost seo.
Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach. 

 

Date Entered/Updated:
Expiry Date:
Region: Co na Gaillimhe / Co Galway