Ógras: Oifigeach Forbartha do Chúige Laighean

Ógras logo

Oifigeach Forbartha do Chúige Laighean

Tá Ógras ag lorg duine díograiseach, réamhghníomhach, agus tiománta le theacht ag obair mar chuid d’fhoireann Ógras le cinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide taobh amuigh den chóras oideachas foirmeálta.

Is deis iontach é seo do dhuine a bhfuil taithí acu a bheith ag obair le daoine óga agus go bhfuil tuiscint acu ar an oideachas neamh-fhoirmeálta agus gur mian leo tionchur dearfach a imirt ar obair óige trí mheán na Gaeilge.

Cúlra Ógras

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Cuireann Ógras réimse leathan de sheirbhísí ar fáil – idir clubanna óige, tionscnamh, cláracha agus traenáil - le tacú le forbairt shóisialta agus phearsanta an duine, agus ag an am céanna an Ghaeilge agus cultúr dúchais na hÉireann a chur chun cinn.

An Ról

Beidh an tOifigeach Forbartha ag obair i dtreo deiseanna breis a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt agus a neartú trí chlubanna agus tionscadail nua a bhunú agus a láidriú i gceantar Chúige Laighean le fás agus forbairt a dhéanamh ar líon na gcainteoirí óga Gaeilge. Beidh gá le tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí chomh maith le nascanna nua a chruthú agus a fhorbairt le grúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí gaolmhara eile. Mar chuid den ról beidh ar an duine tionscadail nuálaíocht a chur ar bun, imeachtaí a comhordú, ceardlanna a fhorbairt agus a eagrú, cruinnithe a reáchtáil agus seisiúin eolais a chur ar siúl i gceantracha éagsúla timpeall Chúige Laighean ach go háirithe i mBaile Átha Cliath.

Ag Tuairisciú chuig: Stiúrthóir Ógras
Conradh: Post lán-aimseartha
Lonnaithe: Ceantar Chúige Laighean. Beidh taisteal i gceist leis an phost.
Uaireanta oibre : Lán-aimseartha (37.5 uair sa tseachtain)
Is gá don duine a bheith solúbtha mar beidh gá obair sa tráthnóna agus ag deireadh seachtainí ó am go ham
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Freagrachtaí an Phoist

  1. Ceannairí óige a earcú agus a thraenáil le dhul i mbun clubanna agus tionscadail óige
  2. Tionscnamh agus Tograí óige a bhunú agus a fhorbairt sa cheantar
  3. Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
  4. Poiblíocht a dhéanamh ar
  5. Tacú le Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú agus a reáchtáil
  6. Maoiniú a lorg do thionscadail nua
  7. Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair
  8. Tacú le breis chlubanna de chuid Ógras agus Óg-Ógras a bhunú timpeall Chúige Laighean, trí earcú ceannairí, traenáil agus tacaíocht a chur ar fáil nuair is gá

Sonraíocht Phearsanta

Scileanna

  • Ardscileanna cumarsáide idir labhairt agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla - cur i láthair san áireamh;
  • Scileanna maithe idirphearsanta
  • Ardscileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt agus a chur chun cinn

Pearsantacht

  • Scileanna idirbheartaíochta;
  • Scileanna comhréitigh;
  • Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
  • Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin

Taithí

  • Taithí ar Bainistiú Tionscnamh
  • Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
  • Taithí ar chúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil
  • Taithí ar bhunú grúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
  • Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta

Eolas

  • Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige
  • Eolas agus tuiscint ar riachtanais daoine óga

Cáilíochtaí

  • Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
  • Cáilíocht sa Ghaeilge

Príomhshonraí

Tuarastal: Ag tosnú idir €33,812 - €36,788 ag brath ar thaithí. Íocfaidh Ógras 5% den tuarastal i dtreo an Scéim Pinsean ach a chomhionann a bheith á íoc ag an fhostaí, tar éis an tréimhse sé mhí promhaidh a bheith curtha i gcríoch go sásúil.

Post Lán-aimseartha
Laethanta Saoire: 20 lá pro rata.

Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig cathaoirleach@ogras.ie roimh an spriocdháta 2 Iúil 2024 ag 5.00i.n.

Eolas eile:

  • Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
  • Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
  • Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.
  • Is fostóir comhionannas é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.
Date Entered/Updated:
Expiry Date:
Region: Ceantar Chúige Laighean