Amharclann Ghaoth Dobhair: Feidhmeannach Chultúra agus Turasóireachta
Feidhmeannach Chultúra agus Turasóireachta
Sonraí Poist
Tá Amharclann Ghaoth Dobhair, ag tairiscint post ar chonradh ocht mí mar Fheidhmeannach Chultúrtha & Turasóireachta.
An Post
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh sé de chúram ar an té a cheapfar clár oibre turasóireachta chultúrtha agus ealaíon a bhainistiú agus a riaradh i gcomhar le Bord na hAmharclainne.
Bainistíocht: Beidh an t-oifigeach freagrach do Bhord na hAmharclainne.
Tuarastal: €35,000 sa bhliain (conradh ocht mhí)
Seol iarratas don phost isteach roimh 3pm, 26 Iúil 2024 chuig amharclann1961@gmail.com
Tuilleadh eolais : Teil. (074) 95 31611 nó R-phost: amharclann1961@gmail.com
Source URL: https://www.activelink.ie/vacancies/interest-groups/109448-amharclann-ghaoth-dobhair-feidhmeannach-chultura-agus-turasoireachta