Ógras: Oifigeach Riaracháin

Logo

Oifigeach Riaracháin - Post lánaimseartha

Dualgais: 

  • Tacaíocht riaracháin a chur ar fáil mar bhall den fhoireann
  • Plé le córais clárúcháin agus airgeadais ar Wix
  • Eolas cruinn, suas chun dáta faoin bhallraíocht a sholáthar do na ceannairí
  • Tacú le Imeachtaí áitiúla & náisiúnta a eagrú
  • Tacú le cúrsaí oiliúna do cheannairí a eagrú & a reáchtáil
  • Plé le Grinn fhiosrúcháin
  • Freastal ar chruinnithe foirne
  • Plé le fiosrúcháin ón phobal
  • Obair riarachán eile.

Riachtanach: 

  • Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
  • Scileanna maithe ríomhaireachta
  • Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta
  • Ábalta obair as a stuaim féin

Lonnaithe: Cian obair
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais,
Lán-Pháirtíochta agus Óige
Tuarastal: €29,694 - €35,209
Post lán-aimseartha ar feadh trí bliana ( 6 mhí tréimhse profa)
Pinsean: Íocfar 5% den tuarastal, sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha tar éis an tréimhse profa.
Laethanta Saoire: 21 lá pro rata.

Seol iarratais chomh maith le C.V. chuig cathaoirleach@ogras.ie
Roimh Déardaoin 27 Feabhra 2025


Cúlra

Bunaíodh Ógras chun seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tugann Ógras cúnamh agus tacaíocht le clubanna óige a bhunú agus a bhuanú timpeall na tíre, chomh maith le traenáil a chur ar fáil i réimse leathan ábhar.

Misean

  • An Ghaeilge agus an cultúr agus oidhreacht Ghaelach a chur chun cinn i measc dhaoine óga trí spásanna agus deiseanna a thabhairt do dhaoine le bheith ar a suaimhneas agus an Ghaeilge á húsaid acu mar chuid de phobal na Gaeilge atá ag dul i méid.
  • Timpeallachtaí sábhailte a chruthú ar bhealach atá spraíúil, nua-aoiseach agus comhaimseartha, a spreagann agus a chuireann ar chumas daoine óga taitneamh a bhaint as a bheith ag úsáid na Gaeilge.
  • Clár oibre don aos óg atá spleodrach, éagsúil agus pleanáilte a chur ar fáil trí Ghaeilge a spreagann macnamh cruthaitheach, neartú muiníne agus forbairt shóisialta trí ghníomhaíochtaí spraíúla, spóirt agus fóillíochta.

Príomhfheidhm an phost:

Beidh an Oifigeach Riaracháin fostaithe chun tacaíocht riaracháin a chur ar fáil mar chuid d’fhoireann Ógras le cinntiú go bhfuil córais éifeachtach agus éifeachtúla i bhfeidhm.

Spriocanna

Beidh na spriocanna seo a leanas mar chuid den phost:

  1. Ceannairí nua a chur faoi réamhscrúdú an Gharda Síochána
  2. Tacú le himeachtaí áitiúil agus naisiúnta a eagrú;
  3. Eolas faoi imeachtaí Ógras a roinnt ar na meáin shóisialta
  4. Sonraí teagmhála na gclubanna a choinneáil suas chun dáta
  5. Freastal ar chruinnithe foirne
  6. Freastal ar chruinnithe thar cheann na heagraíochta
  7. Bunachar sonraí ceannairí agus clubanna a uasdátú go rialta
  8. Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
  9. Poiblíocht a dhéanamh ar imeachtaí Ógras
  10. Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair

Sonraíocht Phearsanta

Scileanna

  • Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa i nGaeilge agus i mBéarla - cur i láthair san áireamh;
  • Scileanna maithe idirphearsanta
  • Scileanna maithe ríomhaireachta
  • Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt agus a chur chun cinn

Pearsantacht

  • Scileanna idirbheartaíochta;
  • Scileanna comhréitigh;
  • Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
  • Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin

Taithí

  • Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
  • Taithí ar bhunú ghrúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
  • Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta

Cáilíochtaí

  • Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
  • Cáilíocht sa Ghaeilge

Eolas eile:

  • Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
  • Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
  • Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.

Is fostóir comhionannas é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

2 logos

Date Entered/Updated:
Expiry Date:
Region: Cian obair