Tearmann Éanna CTR: Comhordaitheoir Seirbhísí don Aosach
Comhordaitheoir Seirbhísí don Aosach
Tá duine a fheidhmeoidh mar Chomhordaitheoir Seirbhísí á lorg ag Tearmann Éanna CTR. Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras na h-Eagraíochta ar An Tulach, i mBaile na hAbhann. Oibreoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí faoi stiúir an Bhainisteoir Ghinearálta i gcur i bhfeidhm clár oibre na heagraíochta. Tá gné maoirseachta agus tacaíochta foirne mar cheann de phríomh-dhualgais an ról agus tá sé riachtanach go mbeidh taithí chuí ag an iarrathóir sa ghné seo.
Ról agus Freagrachtaí
Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí freagrach as soláthar seirbhísí d’ardchaighdeán a chinntiú i ngach seirbhís, ag cloí le polasaithe na heagraíochta, rialúcháin ábhartha agus na critéir éagsúla a bhaineann le gach seirbhís.
I measc na bpríomhchúraimí beidh:
- Maoirseacht agus tacaíocht foirne san Ionad Lae, lena n-áirítear bainistíocht laethúil agus spreagadh foirne.
- Tuairisciú ar dhualgais rochtana agus comhlíonta do eagraíochtaí réigiúnacha & náisiúnta.
- Cur i bhfeidhm rialúchán agus caighdeáin seirbhíse chun leanúnachas agus ardchaighdeán a chinntiú.
- Cumas láidir cinnteoireachta agus muiníne chun oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann i dtimpeallacht dhinimiciúil.
Riachtanais don Phost
Éireoidh leat sa ról seo más duine thú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
- Taithí trí bliana ar a laghad i ról maoirseachta le heagraíocht a sholáthraíonn réimse leathan seirbhísí agus a bhainistíonn foirne éagsúla go laethúil.
- Taithí maoirseora san Ionad Lae agus/nó in earnáil an aosaigh.
- Taithí/cáilíochtaí in earnáil an aosaigh agus taithí ag obair leis an aosach.
- Scileanna cumarsáide den scoth, idirphlé éifeachtach leis an bhfoireann, leis na húsáideoirí seirbhíse agus leis an bpobal.
- Sárscileanna riaracháin agus inniúlacht ard ríomhaireachta, lena n-áirítear tuiscint láidir ar MS Excel, MS Office, ardáin mheán sóisialta agus bogearraí eile.
- Cumas córais nua a fhoghlaim go tapa agus feidhmiú i dtimpeallacht dhúshlánach.
- Fócas dearfach agus cumas foirne a spreagadh agus a threorú.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre Thearmann Éanna agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga.
- Is fostóir chomhdheiseanna é Tearmann Éanna CTR. agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den lucht siúil atá i gceist. Tá Tearmann Éanna CTR i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.