Ógras: Oifigeach Riaracháin
Oifigeach Riaracháin - Post lánaimseartha
Dualgais:
- Tacaíocht riaracháin a chur ar fáil mar bhall den fhoireann
- Plé le córais clárúcháin agus airgeadais ar Wix
- Eolas cruinn, suas chun dáta faoin bhallraíocht a sholáthar do na ceannairí
- Tacú le Imeachtaí áitiúla & náisiúnta a eagrú
- Tacú le cúrsaí oiliúna do cheannairí a eagrú & a reáchtáil
- Plé le Grinn fhiosrúcháin
- Freastal ar chruinnithe foirne
- Plé le fiosrúcháin ón phobal
- Obair riarachán eile.
Riachtanach:
- Ard-Chaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Scileanna maithe ríomhaireachta
- Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta
- Ábalta obair as a stuaim féin
Lonnaithe: Cian obair
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais,
Lán-Pháirtíochta agus Óige
Tuarastal: €29,694 - €35,209
Post lán-aimseartha ar feadh trí bliana ( 6 mhí tréimhse profa)
Pinsean: Íocfar 5% den tuarastal, sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha tar éis an tréimhse profa.
Laethanta Saoire: 21 lá pro rata.
Seol iarratais chomh maith le C.V. chuig cathaoirleach@ogras.ie
Roimh Déardaoin 27 Feabhra 2025
Cúlra
Bunaíodh Ógras chun seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tugann Ógras cúnamh agus tacaíocht le clubanna óige a bhunú agus a bhuanú timpeall na tíre, chomh maith le traenáil a chur ar fáil i réimse leathan ábhar.
Misean
- An Ghaeilge agus an cultúr agus oidhreacht Ghaelach a chur chun cinn i measc dhaoine óga trí spásanna agus deiseanna a thabhairt do dhaoine le bheith ar a suaimhneas agus an Ghaeilge á húsaid acu mar chuid de phobal na Gaeilge atá ag dul i méid.
- Timpeallachtaí sábhailte a chruthú ar bhealach atá spraíúil, nua-aoiseach agus comhaimseartha, a spreagann agus a chuireann ar chumas daoine óga taitneamh a bhaint as a bheith ag úsáid na Gaeilge.
- Clár oibre don aos óg atá spleodrach, éagsúil agus pleanáilte a chur ar fáil trí Ghaeilge a spreagann macnamh cruthaitheach, neartú muiníne agus forbairt shóisialta trí ghníomhaíochtaí spraíúla, spóirt agus fóillíochta.
Príomhfheidhm an phost:
Beidh an Oifigeach Riaracháin fostaithe chun tacaíocht riaracháin a chur ar fáil mar chuid d’fhoireann Ógras le cinntiú go bhfuil córais éifeachtach agus éifeachtúla i bhfeidhm.
Spriocanna
Beidh na spriocanna seo a leanas mar chuid den phost:
- Ceannairí nua a chur faoi réamhscrúdú an Gharda Síochána
- Tacú le himeachtaí áitiúil agus naisiúnta a eagrú;
- Eolas faoi imeachtaí Ógras a roinnt ar na meáin shóisialta
- Sonraí teagmhála na gclubanna a choinneáil suas chun dáta
- Freastal ar chruinnithe foirne
- Freastal ar chruinnithe thar cheann na heagraíochta
- Bunachar sonraí ceannairí agus clubanna a uasdátú go rialta
- Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
- Poiblíocht a dhéanamh ar imeachtaí Ógras
- Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair
Sonraíocht Phearsanta
Scileanna
- Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa i nGaeilge agus i mBéarla - cur i láthair san áireamh;
- Scileanna maithe idirphearsanta
- Scileanna maithe ríomhaireachta
- Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt agus a chur chun cinn
Pearsantacht
- Scileanna idirbheartaíochta;
- Scileanna comhréitigh;
- Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
- Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin
Taithí
- Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
- Taithí ar bhunú ghrúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
- Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta
Cáilíochtaí
- Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
- Cáilíocht sa Ghaeilge
Eolas eile:
- Glacfar le hiarratais as Gaeilge amháin don ról seo.
- Beidh na hagallaimh don phost ar siúl thar Zoom
- Post maoinithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Lánpháirtíochta, Míchumais agus Óige.
Is fostóir comhionannas é Ógras agus is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.