Is ógeagraíocht Ghaeilge do dhaoine óga ó 8-19 bliain d’aois é Ógras. Cuirimid réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí óige ar fáil lena n-áirítear Clubanna, Campaí, Turais, Tionscadail, Ceardlanna, Malartuithe Idirnáisiúnta agus go leor eile, trí Ghaeilge. Tá dhá aoisghrúpa i gceist sna clubanna: Óg-Ógras do pháistí idir 8-12 bhliain d'aois agus Ógras do dhéagóirí idir 13-19 bliana d'aois.